Faoi Scáth… Le Chéile

UNDER THE SHADOW… TOGETHER

FAOI SCÁTH… LE CHÉILE

Sean Scoil Sailearna | Indreabhán | 13-14 Samhain 2021

Gáirdín an Dísirt | An Daingean | Lúnasa 2021


Tar linn ar thuras faoi chumhacht an nádúir agus teacht aniar na ndaoine in am an ghátair.

Beidh meascán de cheol, rince, scéalaíocht, amhránaíocht ‘s filíocht.…agus caithfear súil ghrinn ar na nithe a spreagann an greann in aimsir na géarchéime, i gcomhluadar na mbandéithe Mór agus Mís, agus cúpla Cailleach!

Módh Oibre agus próiséas cruthaíochta.

Déanadh an obair le linn an triú dian glasáil, ar Zoom. Beidh an grúpa ag teacht le chéile don chéad uair an tseachtain seo sa Daingean, faoi stiúr Marianne. Beidh píosa ag plé le seanchas Dhún Chaoin, na bandéithe Mór agus Mís I bhfoirm fílíocht agus damhsa nua-cumtha; Píosa le Marina ag smaoineamh ar an cumarsáid agus ar an ciúnas in iomar na pandéime, agus an scoilt idir na nglún; Píosa faoi cumhacht an nádúir ach go háthraithe na crainn agus Ogham, cumtha ag Zoe; Píosa le Caitríona, a chum Agallamh Beirte ina gcaitheann sí súil ghrinn ar na nithe a spreagann an greann in aimsir na géarchéime, na Bateannaí Bréanna! Agus pléfear tabhacht na portaigh i saol na ndaoine sa Ghaeltacht le Beartla ag insint scéalta agus ag canadh na hamhraín saothair. Beidh ceol beo á seint ag Meabh Ní Bheaglaoích. 


Na Baill | Cast

Marina Ní Dhúbháin, aisteoir, scríbhneoir

Aine Moynihan, aisteóir agus file

Siobhán Ní Dhuinnín, damhsóir comhaimseartha

Beartla O Flatharta, scéalaí

Zoe Uí Faoláin-Greene, ealaóntóir

Caitríona Ní Chonaola, amhránaí

Anne McCabe, léiritheoir

Marianne Ní Chinnéide, stiúrthóir

Buíochas as tacaíocht ón gComhairle Ealaíon, OÉ Gaillimh, Ealaín na Gaeltachta, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Siamsa Tíre.

“The show was magical“

“Bhí an taispeántais draíochtúil“

Faoi Scáth - Le Chéile 2