Cláirseach Ina Tost | The Harp Silenced

THE HARP SILENCED

CLÁIRSEACH INA TOST

Galway Theatre Festival | Mick Lally Theatre | 2019

Supported by the Arts Council, Centre for Drama Studies (NUIG), Ealaín na Gaeltachta, Fóras na Gaeilge, Galway City, and Galway Country Arts Office.

Devised by: The Collective

Directed by: Marianne Ní Chinnéide

Produced by: Anne McCabe


“Ó scrios siad thú mo léan

is bhris siad gach aon téad

is réab siad croí do thréad go brúidiúil”

Sin focail ón amhrán nua-cumtha atá le cloisteáil san úrdráma seo. Is píosa amharclannaíochta físiúil atá ann le gluaiseacht agus ceol faoi ghlór na ndaoine ina dtost le linn ré Chromaill, a scrios na cláirsigh agus a chroch na cláirseoirí. Tógann an dráma seo foirm na cláirsí mar mheafar, agus ansin stróiceann as a chéile í trí mheán an tseanchais, na filíochta, an damhsa comhaimseartha agus an cheoil. 

Seó spleodrach atá i gceist le fuinneamh agus samhlaíocht chun an cultúr Gaelach a cheiliúradh, in aineoinn foréigean agus brú le linn na staire. Tá agus bhí teacht aniar i spiorad na nGael, agus tá sé seo le feiceáil agus le cloisteáil inár nglór agus inár gcoirp.

Bíonn rópaí agus téada á n-úsáid sa dráma, chomh maith le comhrá comhaimseartha, ceol, reacaireacht agus sean-nósanna i bhfoirmeacha nua!

“Ó scrios siad thú mo léan

is bhris siad gach aon téad

is réab siad croí do thréad go brúidiúil”

The Irish harp is a powerful symbol of Irish culture and Irish identity, but almost four hundred years ago the forces of Cromwell smashed the harps and hanged the harpers.


A visually striking theatrical piece, The Harp Silenced uses the form of our symbolic instrument as a metaphor, and tears it apart through storytelling, poetry, contemporary dance and music. This performance is about the voice of the people whose identity was fragmented and sadly forgotten.

Garraí an Ghiorria, a collective of theatremakers working in Irish, have decided that our voice has been silenced too long.